Buaicphointí stairiúla na scoile
An Mháthair Treasa Ní Fhlanagáin a bhunaigh Scoil Chaitríona sa bhlian1928. In uimhir a
22 Sráid Eccles, in aice le Coláiste San Dominic, a bhí an scoil lonnaithe agus glacadh le
scoláirí tí agus scoláirí lae ag an am. An chéad mheán-scoil lán-Ghaeilge do chailíní i
mBaile Átha Cliath ba ea í.
Faoi inspioráid an tsainmheoin Doiminicigh, ní amháin go raibh ard-chaighdeán acadúil sa
scoil, ach cuireadh béim ar fhorbairt iomlán an dalta. Cuireadh béim ar chúrsaí cultúrtha
Gaelacha idir cheol, drámaíocht agus spóirt, go háirithe an chamógaíocht. Ba mhinic na
daltaí páirteach i bhfeiseanna, san Oireachtas, i ndíospóireachtaí agus i ngnéithe uile an
chultúir Ghaelaigh. Cuireadh luachanna Críostaíochta chun tosaigh i gcónaí. Bhí na daltaí
gníomhach i Léigiún Mhuire agus i gCuallacht Mhuire.
Bhí Scoil Chaitríona chun tosaigh i spreagadh na teanga i mBaile Átha Cliath. Mar a dúirt
an tSr Acuínas:
“Cuireadh i bhfeidhm orainn go raibh sábháil na teanga ag brath orainne agus ar ár
leithéidí, aos óg na tire, agus thógamar an dualgas sin go lán dáiríre orainn féin”
Chuir an Mháthair Treasa na síolta agus faoin am a d’éirigh sí as bheith ina príomhoide sa
bhliain 1933, d’fhág sí scoil le fréamhacha láidre. Bhí na Siúracha seo a leanas mar
chomharbaí uirthi i Sráid Eccles: an tSiúr Pius (1933-1940), an tSiúr Benen (1940-1946),
an tSiúr Caietan (1946-53), an tSiúr Acuinas (1953-59), an tSiúr Manus (1959-65) an tSiúr
Caoimhín (1965-1971).
Le teacht an tsaoroideachais i ndeireadh na 60aidí tháinig méadú ar líon na ndaltaí sa
scoil. Shocraigh na Siúracha Doiminiceacha suíomh nua a fháil don scoil. Buíochas leis
an tSiúr Caoimhín, aimsíodh an suíomh seo ar Bhóthar Mobhí. Bhí tionchar mór ag an
tSiúr Caoimhín ar dhearadh an fhoirgnimh nua. An scoil mar phobal a bhí taobh thiar den
choinceap as a d’eascair an dearadh nua-aimseartha seo agus leagan amach na seomraí
ranga. Bhí na daltaí rannpháirteach chomh maith i roghnú dathanna éagsúla dá seomraí
ranga.
Sa bhliain 1972, faoi stiúir an tSr Eibhlín, a bhí anois ina príomhoide, bhog an scoil go
hoifigiúil go dtí an suíomh nua i nGlasnaíon. Thar na blianta chruthaigh pobal na scoile
caidreamh leis na heagraíochtaí áitiúla go hairithe CLG Na Fianna, ár gcomharsa béal
dorais, agus paróiste Eaglais Mhuire na nDólais. Caomhnaíodh an ceangal le Coláiste
San Doiminic, go háirithe trí Chumann na n-iar scoláirí a thugann tacaíocht i gcónaí don
scoil
Sna blianta tosaigh í Sráid Eccles thagadh daltaí ó Scoil Mhuire, Sráid Maoilbhríde, ó Scoil
Bhríde, ó bhunscoil Sráid Eccles féin agus ó bhunscoileanna eile. Ach sa bhliain 1972
bunaíodh Scoil Mobhí, bunscoil lánGhaeilge do chailíní agus do bhuachaillí ar Bhóthar
Mobhí féin, agus níorbh fhada go mbeadh athrú mór ar Scoil Chaitríona dá bharr.
An tSiúr Martinez a bhí ina príomhoide idir 1977 agus 1980.
Ghlac an tSiúr Cillian cúram na scoile uirthi féin sa bhliain 1981. Chuir sise agus muintir na
scoile fáilte roimh na chéad bhuachaillí a d’fhreastail ar Scoil Chaitríona sa bhliain 1986.
Le teacht na mbuachaillí b’éigean seomraí nua a thógáil agus ábhair nua, mar
adhmadóireacht agus grafaic teicniúil, a chur ar churaclam na scoile.
Nuair a d’éirigh an tSr Cillian as bheith ina príomhoide sa bhliain 1991 ghlac an tSiúr
Catherine a háit. Le linn di bheith ina príomhoide cuireadh tús leis an Idirbhliain. Ba í Scoil
Chaitríona an chéad scoil lánGaeilge a chuir an cúrsa seo ar fáil agus ceapadh an Máistir
Donncha Ó Ceallacháin mar chomhordaitheoir ar an gcúrsa. Is tréimhse tábhachtach an
idirbhliain i bhfás agus i bhforbairt an dalta agus chuige sin tá clár den scoth curtha le
chéile againn.
Nuair a bunaíodh Scoil an tSeachtar Laoch (1973) agus Gaelscoil Bhaile Munna (1994)
chuir Scoil Chaitríona fáilte roimh scoláirí ó Bhaile Munna. Sa lá atá inniu ann tagann
daltaí ó bhunscoileanna lánGhaeilge ar fud Tuaisceart na cathrach ina mheasc: Gaelscoil
Bharra, Scoil Chaoimhín, Gaelscoil Cholmcille, Gaelscoil Uí Earcáin, Scoil Oilibhéir,
Colaiste Mhuire, Gaelscoil Bhriain Bóroimhe, Gaelscoil Míde, Gaelscoil na Cille, Scoil an
Duinnínigh agus Scoil Neasáin .
Leis an Acht Oideachais nua (1998), bunaíodh Bord Bainistíochta na scoile. Táimid thar a
bheith buíoch do gach ball a d’oibrigh go deonach ar an mBord chun leas na scoile a chur
chun cinn. As lámh a chéile, a oibrímid i gcónaí, le tuismitheoirí agus caomhnóirí na scoile.
Tá Comhar na dTuismitheoirí gníomhach, fuinniúil, agus tiomanta. Feictear toradh a
saothair sna hacmhainní a cuireadh ar fáil don scoil - saotharlann, cistin nua, ríomhairí nua
agus trealamh spóirt.
Tá tábhacht le guth na ndaltaí i saol na scoile. Cinnirí den scoth a bhíonn ar Chomhairle
na Scoláirí agus gníomhaíonn siad ar son gach dalta, ar son saol na scoile, agus ar
mhaithe le daoine atá i ngátair.
Nuair a d’éirigh an tSiúr Catherine as bheith ina príomhoide ceapadh an chéad
phriomhoide tuata, Carmel Caomhánach, iarscoláire, a raibh luachanna na scoile go smior
inti. D’imigh an scoil ó neart go neart faoina cúram agus mhéadaigh líon na ndaltaí.
Nuair a chuaigh Carmel ar scor sa bhliain 2006, ceapadh Caitríona Ní Laighin mar
phríomhoide. Ag an am bhí iarbhunscoileanna uile na Siúracha Doiminiceacha sna 26
Chontae, agus Scoil Chaitríona san áireamh, á gcur faoi Chúram Iontaobhas nua Le
Chéile. Tá luachanna na nDoiminiceach fite fuaite i bhfís oideachais Le Chéile.
Donncha Ó Ceallacháin an príomhoide idir na blianta 2009 agus 2012. Sa tréimhse sin
rinneadh athchóiriú ar an áiléar agus in onóir Nuala de Faoite tugadh Amharclann Nuala
air.
Sa bhliain 2014 ceapadh Carmel de Grae ina príomhoide. Tháinig méadú ar líon na ndaltaí. Bhí bloc nua ceardlanna tógtha ar suíomh na scoile agus oscailte i 2023.
Sa bhliain 2023 ceapadh Fiona Ní Chatháin ina príomhoide.
Is é mian ár gcroí bheith dílis i gcónaí don oidhreacht a d’fhág an Mháthair Treasa agus na
Siúracha Doiminiceacha againn. Go mba fada buan Scoil Chaitríona.