Scroll down for English
Roghnaíonn agus eagraíonn na mic léinn an socrúchá(i)n oibre iad féin. Cabhraíonn an múinteoir gairmtreoir agus comhordaitheoir na hidirbhliana leo ach is ar an scoláire atá an fhreagracht é a réiteach. I rith na seachtaine ní fhreastalaíonn na scoláirí ar scoil ach bíonn siad san eagraíocht atá roghnaithe acu. Ag deireadh na seachtaine, cuirfidh an fostóir tuairisc faoin mac léinn isteach agus coimeádfaidh an mac léinn dialann machnaimh ar a t(h)aithí. Déanfaidh comhordaitheoir na hidirbhliana iarracht cuairt a thabhairt ar scoláirí san ionaid oibre chun monatóireacht a dhéanamh ar a ndul chun cinn.
Obair Dheonach
Mar scoil Dhoiminiceach, déanaimid iarracht daltaí a stiúradh chun sochaí chóir a aimsiú agus a chruthú. “Tá sé mar aidhm againn oideachas a chur ar ár gcuid mic léinn le bheith ina ndaoine ionracais agus freagrachta, a bhfuil a n-acmhainneacht tosaithe á bhaint amach agus a úsáidfidh a gcuid bronntanais chun cur le sochaí níos córa.” (Domincan Way - Ar thóir na Fírinne). Chun é seo a léiriú tá dhá sheachtain d’obair dheonach ionchorpraithe againn i gclár na hidirbhliana. Cuireann mic léinn a gcuid seirbhísí ar fáil d’eagraíocht charthanach nó dheonach ar feadh seachtaine ag tús mhí na Nollag agus arís i mí Bealtaine. Chabhraigh siad i raon leathan suíomhanna lena n-áirítear Cappuchin Soup Kitchen; Animal rescue organisations, Friends of the Elderly, TLC nursing home agus St Michael’s House. Tugann sé seo deis iontach do mhic léinn a fheiceáil go bhfuil gá lena leithéid d’obair chun sochaí níos cothroime a chur chun cinn. Téann go leor mic léinn ar aghaidh chun obair dheonach a dhéanamh do na heagraíochtaí lena n-oibríonn siad agus fiú an obair sin a úsáid ina gcuid oibre do ghradam an Uachtaráin – An Gaisce.
Is obair í seo in eagraíocht charthanachta a oibríonn ar son eagraíochtaí neamhbhrabúis eile ar nós siopaí carthanachta, cistineacha anraith, tithe altranais srl.
Taithí oibre
Moltar go ndéanfadh na scoláirí dhá shocrúchán éagsúla don dá sheachtain taithí oibre más féidir.
Gníomhaíochtaí Eile
Mar chuid de chlár na hIdirbhliana cuirtear deiseanna ar fáil do scoláirí páirt a ghlacadh i raon imeachtaí i rith na bliana. Tá rannpháirtíocht ar cheann de phríomhspriocanna na gclár agus spreagtar na scoláirí chun gach rud a thriail.
Áirítear ar ghníomhaíochtaí eile
-Cainteanna
-PACT – Saincheisteanna sábháilteachta pearsanta
-Feasach – Saincheisteanna Meabhairshláinte
-Ceardlann Drugaí
-Eolas Faoi Chothú
-An Gaisce
Cúrsaí breise a d’fhéadfadh teacht chun cinn i rith na bliana:
-Gael Linn – Déanamh clár raidió agus teilifíse (As Gaeilge)
-Crois Dhearg – Cúrsa Praiticiúil Garchabhrach
-Scannánaíocht
-Réamhrá ar Saol an Ospidéil – Ospidéal an Mater
-Coláiste Ríoga na Máinlianna – clár Min Med.
Turais
-Tannagh Adventure Centre Monaghan.
-Cuirtear tús leis an Idirbhliain le turas dhá oíche/trí lá go Muineachán ar chúrsa caitheamh aimsire amuigh faoin aer. Is cuid mhór den tógáil foirne é seo atá ar cheann de chuspóirí na bliana.
-Kairos
Freastalaíonn gach grúpa ar Ionad Kairos in Ollscoil Mhá Nuad mar chuid dá Modúl Cumarsáide. Cuirfidh siad clár teilifíse le chéile ansin.
I measc na dturas breise tá:
-Feirme Causey
-Músaem na Scríbhneoirí
-Músaem CLG
-Pictiúrlann
-Scátáil oighir
-W5 Béal Feirste
-Pláinéadlann Ard Mhacha
Braitheann an clár cruinn ar infhaighteacht agus acmhainní agus athruithe ag brath ar leasanna an ghrúpa.
Students choose and organise the work placement (s) themselves. They are helped by the Careers teacher and TY co-ordinator but it is the student’s responsibility to sort it out.During the week the students do not attend school but are in the organisation(s) they have chosen. At the end of the week the employer will submint a report on the student and the student will themselves keep a diary of reflection on their experience. The Transition Year co-ordinator will try and visit as many of the students on work placement as possible in order to monitor their progress.
As a Dominican school we try to instil our students with a sense of seeking a just society. “We aim to educate our students to be people of integrity and responsibility, whose potential has begun to be realised and who will use their gifts to contribute to a more just society.” (Domincan Way- In search of Truth). To reflect this we have incorporated two weeks of Voluntary work in the Transition Year programme. Students offer their services to a charitable or vountary organsition for a week at the beginning of December and again in May. They have helped out in a wide variety of settings including the Cappuchin Soup Kitchen; Animal rescue organisations, Friends of the Elderly, TLC nursing home and St Michael’s House. This provides a great opportunity to students to see the need for such work to promote a fairer society.Many students go on to volunteer for the organisations they work with and even incorporate such work into their work for the President’s award – An Gaisce
This is work in charitable organisation that works on behalf of other people-not-for profit organisations such as charity shops, soup kitchens, nursing homes etc.
It is recommended that students do two different placements for the two weeks of work experience if possible.