Ná déanaigí dearmad faoin margadh cistí a bheidh ar siúl sa scoil ar an 24 Márta agus na scoláirí ag tiomsú airgid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr chrith talún na Tuirce agus na Siria. Iarraimid oraibh cabhrú linn tríd cácaí / bunóga / soláistí eile a chur ar fáil agus airgead a thabhairt do bhur bpáistí rudaí deasa a cheannach. I rith an lae beidh an t-am ag na scolaírí dul ar an margadh rang ar rang.